Cuirtear maoiniú ar fáil d'Fhoras na Gaeilge ó mo Roinn féin (75%) agus ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Folaíochta ó thuaidh (25%) de réir bhuiséad atá ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas. Anuas air sin, tá maoiniú breise curtha ar fáil ag mo Roinn d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge, Colmcille agus tograí caipitil. Tá na sonraí maidir leis an maoiniú atá curtha ar fáil ag mo Roinn d'Fhoras na Gaeilge ó 2008 go dáta leagtha amach sa tábla seo a leanas. Ní miste a nótáil nach bhfuil maoiniú na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Folaíochta ó thuaidh san áireamh sa tábla seo.
Bliain
|
Foras na Gaeilge
|
Colmcille
|
Clár na Leabhar Gaeilge
|
Caipiteal
|
IOMLÁN
|
2008
|
€15,255,118
|
€193,070
|
€1,835,000
|
€324,106
|
€17,607,294
|
2009
|
€13,641,672
|
-
|
€1,588,563
|
€100,000
|
€15,330,235
|
2010
|
€13,754,387
|
€172,191
|
€1,532,417
|
-
|
€15,458,996
|
2011
|
€13,483,732
|
€182,408
|
€1,350,000
|
-
|
€15,016,140
|
2012
|
€13,160,130
|
€144,331
|
€1,259,142
|
-
|
€14,563,603
|
1/1/13-18/7/13
|
€5,735,979
|
€101,081
|
€746,521
|
-
|
€6,583,581
|