Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 July 2013

Thursday, 18 July 2013

Ceisteanna (384)

Seán Ó Fearghaíl

Ceist:

384. D'fhiafraigh Deputy Seán Ó Fearghaíl den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén maoiniú iomlán a cuireadh ar fáil d’Fhoras na Gaeilge gach bliain ó 2008 go dtí 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36358/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cuirtear maoiniú ar fáil d'Fhoras na Gaeilge ó mo Roinn féin (75%) agus ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Folaíochta ó thuaidh (25%) de réir bhuiséad atá ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas. Anuas air sin, tá maoiniú breise curtha ar fáil ag mo Roinn d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge, Colmcille agus tograí caipitil. Tá na sonraí maidir leis an maoiniú atá curtha ar fáil ag mo Roinn d'Fhoras na Gaeilge ó 2008 go dáta leagtha amach sa tábla seo a leanas. Ní miste a nótáil nach bhfuil maoiniú na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Folaíochta ó thuaidh san áireamh sa tábla seo.

Bliain

Foras na Gaeilge

Colmcille

Clár na Leabhar Gaeilge

Caipiteal

IOMLÁN

2008

€15,255,118

€193,070

€1,835,000

€324,106

€17,607,294

2009

€13,641,672

-

€1,588,563

€100,000

€15,330,235

2010

€13,754,387

€172,191

€1,532,417

-

€15,458,996

2011

€13,483,732

€182,408

€1,350,000

-

€15,016,140

2012

€13,160,130

€144,331

€1,259,142

-

€14,563,603

1/1/13-18/7/13

 €5,735,979

€101,081

€746,521

-

€6,583,581

Barr
Roinn