D’írím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 36336 ar 18 Iúil 2013 faoin ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa fhreagra sin, tuigim go rí-mhaith an tábhacht a bhaineann le soláthar leathanbhanda ardluais a bheith ar fáil sna ceantair Ghaeltachta éagsúla, Gaeltacht na Rinne san áireamh, ach go háirithe ag na príomhláithreáin fostaíochta. Sa chomhthéacs sin agus i gcomhthéacs an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a foilsíodh anuraidh, tá an t-ábhar seo á phlé ag oifigigh mo Roinne le hoifigigh na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha.
Ina theannta sin, tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn cumarsáid leanúnach idir an tÚdarás agus an Roinn Cumarsáide maidir le cúrsaí leathanbhanda sa Ghaeltacht. Ag an gcruinniú is déanaí a bhí eatarthu, tuigim gur thug an Roinn Cumarsáide le fios don Údarás go bhfuiltear ag brú ar aghaidh leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda agus go bhfuil 3 chéim i gceist leis an bplean seo:
-Éascú a dhéanamh ar an bpróiseas soláthar leathanbhanda trí roinnt de na constaicí a bhí aitheanta ag na soláthróirí leathanbhanda a bhaint as an mbealach;
-Eolas a bhailiú ó na soláthróirí leathanbhanda faoi cad iad na ceantair ina bhfuil sé i gceist acu soláthar leathanbhanda ardluais a sholáthar, ionas go bhféadfaí na ceantair nach bhfuil sé i gceist acu a chlúdach a aithint; agus
- Le cabhair airgid ón Eoraip, maoiniú a dhéanamh ar sholáthar leathanbhanda ardluais (30MB/s) do gach teach agus gnó nach bhfuil sé i gceist ag na soláthróirí leathanbhanda a chlúdach.
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil siad ag fiosrú bealaí chun a chinntiú go mbeidh soláthar leathanbhanda ardluais ar fáil sna ceantair Ghaeltachta go dtí go mbeidh céim 3 den Phlean Náisiúnta Leathanbhanda tosaithe.