Éamon Ó Cuív
Question:296. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cosanta cén fáth nach bhfuil sé i gceist ainmneacha Gaeilge a thabhairt ar an dá long cabhlaigh nua atá le fáil ag an gcabhlacht an bhliain seo chugainn, ainneoin an traidisiúin fhada ag dul siar go bunú an Stáit gur i nGaeilge a ainmneofaí aon bhád a bhí i seilbh na bhFórsaí Cosanta agus go mór mór i bhfianaise na bhforálacha sa Straitéis Fiche Bliain don Gaeilge maidir le Gaeilge sna Fórsaí Cosanta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43591/13]
View answer