Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhís Cabhlaigh

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 October 2013

Tuesday, 15 October 2013

Ceisteanna (296)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

296. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cosanta cén fáth nach bhfuil sé i gceist ainmneacha Gaeilge a thabhairt ar an dá long cabhlaigh nua atá le fáil ag an gcabhlacht an bhliain seo chugainn, ainneoin an traidisiúin fhada ag dul siar go bunú an Stáit gur i nGaeilge a ainmneofaí aon bhád a bhí i seilbh na bhFórsaí Cosanta agus go mór mór i bhfianaise na bhforálacha sa Straitéis Fiche Bliain don Gaeilge maidir le Gaeilge sna Fórsaí Cosanta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43591/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mheas mé gur chóir an polasaí maidir le longa na Seirbhíse Cabhlaigh a ainmniú a scrúdú agus tháinig mé ar an tátal gur fearr a d’aithneodh ár Seirbhísí Cabhlaigh agus iad ag oibriú sa bhfearann muirí idirnáisiúnta - go háirithe agus iad ar cuairt chuig calafoirt coigríche - dá n-ainmneofaí iad i gcuimhne phearsana liteartha na hÉireann a bhfuil cáil orthu ar fud an domhain. Measaim freisin go mbeadh sé tráthúil anois an cur chuige traidisiúnta atá againn na longa a ainmniú i gcuimhne mhná miotaseolaíochta na hÉireann a athrú agus dul i mbun cur chuige a léireodh Éire nua-aimseartha agus uilechuimsitheach. Is é mo thuairim go gcruthaíonn na hainmneacha sin nasc ceannasach thar a bheith láidir idir an Stát agus an tSeirbhís Chabhlaigh agus go samhlófaí leo, sa bhaile agus thar lear, Éire agus Seirbhís Chabhlaigh níos nua-aimseartha.

Barr
Roinn