Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 23 ar an 18 Meán Fómhair 2013 ar an ábhar seo. Mar a dúradh sa fhreagra sin, tugadh cead d'Údarás na Gaeltachta ar 29 Iúil 2013 scaireanna an Údaráis in Arramara Teo. a dhíol leis an gcomhlacht Acadian Seaplants Ltd., faoi réir go mbeidh na coinníollacha uile a bhaineann leis an díolachán comhlíonta go sásúil.
Tuigtear dom go bhfuil an tÚdarás ag dul ar aghaidh leis an díolachán a chur i bhfeidhm. Tuigtear dom fosta go raibh, go bhfuil, agus go mbeidh, todhchaí agus leas na mbainteoirí feamainne ag croílár an phróisis díolacháin sin atá idir lámha ag an Údarás.