Skip to main content
Normal View

Costais Aistriúcháin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 April 2014

Tuesday, 8 April 2014

Questions (262)

Éamon Ó Cuív

Question:

262. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta cén méid airgid a caitheadh in 2013 ar aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla, agus ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile, faoi seach; cad ba chaiteachas iomlán riaracháin na Roinne sa bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16139/14]

View answer

Written answers

Thabhaigh mo Roinn agus a cuid Oifigí €10,544 i dtaobh doiciméid a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla le linn 2013.

Laistigh den Roinn, tá socruithe i bhfeidhm trínar thairg baill foirne a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu a gcuid seirbhísí maidir leis an aistriú doiciméad go Gaeilge agus éascaíonn sé sin bainistiú na Roinne ar chostais sa réimse seo.

Thabhaigh mo Roinn agus a cuid Oifigí €74 i dtaobh doiciméid a aistriú ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile le linn 2013.

Top
Share