Éamon Ó Cuív
Question:81. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Coimirce Sóisialaí an bhfuil socrú á dhéanamh chun oifig leasa shóisialaigh a oscailt i nGaeltacht Chonamara; cén uair a bhfuil sé i gceist aici oifig den sórt sin a chur ar bun; cá mhéad ball foirne a bheidh lonnaithe inti; an mbeidh Gaeilge líofa ag an bhfoireann ar fad agus cad iad na seirbhísí a bheidh á gcur ar fáil ón oifig sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19764/14]
View answer