Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oifigí Leasa Shóisialaigh

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 May 2014

Thursday, 1 May 2014

Ceisteanna (81)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

81. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Coimirce Sóisialaí an bhfuil socrú á dhéanamh chun oifig leasa shóisialaigh a oscailt i nGaeltacht Chonamara; cén uair a bhfuil sé i gceist aici oifig den sórt sin a chur ar bun; cá mhéad ball foirne a bheidh lonnaithe inti; an mbeidh Gaeilge líofa ag an bhfoireann ar fad agus cad iad na seirbhísí a bheidh á gcur ar fáil ón oifig sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19764/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níl aon chinneadh déanta oifig leasa shóisialaigh a oscailt i nGaeltacht Chonamara. Tá seirbhís ar fáil anois ó oifigí na Roinne i gcathair na Gaillimhe agus sa Chlochán. Tá baill foirne sna hoifigí sin atá in ann seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil agus beidh sé sin amhlaidh feasta. Féadann custaiméirí dul i dteagmháil leis an tseirbhís ar an bhfón, i r-phoist, tríd an bpost nó trí ghlaoch ar an oifig.

Barr
Roinn