Eisíonn mo Roinn agus an Roinn Airgeadais agus Pearsanra i dTuaisceart Éireann doiciméad comhaontaithe Treoir Pleanála Gnó chuig na ForaisThuaidh Theas gach bliain. San áireamh sa Treoir Pleanála Gnó bíonn treoir maidir leis an íos-sábháil éifeachtúlachta a bhíonn le cur i gcrích ag na Forais an bhliain dár gcionn. Ba iad 3% do 2012, 3% do 2013 agus 4% do 2014, na riachtanais sábhála chomhaontaithe.
Seo a leanas an gearradh céatadáin a cuireadh i bhfeidhm ar vótaí na Ranna Éireannacha ábhartha.
Eagras
|
2012
|
2013
|
2014
|
An Foras Forbartha Trádála agus Gn . (InterTrade Ireland)
|
-3%
|
+1%*
|
-4%
|
Uiscebhealaí Éireann (Waterways Ireland)
|
-10%
|
-6%
|
-5%
|
An Foras Teanga (The Language Body)
|
-6%
|
-5%
|
-7%
|
Foras Um Chláir Speisialta (Special EU Programmes Body)
|
-4%
|
+2%*
|
-4%
|
Turasóireacht Éireann (Tourism Ireland)
|
-3%
|
-3%
|
-4%
|
An Bord um Chur Chun Cinn Sabháilteachta Bia (SafeFood)
|
0%**
|
0%
|
-3%
|
Gníomhaireacht na Lochanna (Loughs Agency)
|
-3%
|
-3%
|
-4%
|
* Tá buiséad steirlinge ag na Forais seo a laghdaíodh faoi 3% in 2012, 3% in 2013 agus 4% in 2014. Léiríonn buiséid vótáilte na Ranna Éireannacha na laghduithe seo agus na rátaí malartaithe pleanála euro/steirling sa tréimhse luaite.
** Bhí an meastachán don bhliain 2011 don Bhord um Chur Chun Cinn Sabháilteachta Bia 11% níos ísle ná an bhliain 2010.