Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Na Forais Thuaidh Theas

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 July 2014

Tuesday, 8 July 2014

Ceisteanna (323)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

323. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an dtabharfaidh sé sonrú ar na céatadáin sábhála éifeachtúla a d’aontaigh na Ranna airgeadais sa dá dhlinse do na forais trasteorann sna blianta 2012, 2013 agus 2014 agus cén laghdú iarbhír a cuireadh i bhfeidhm i ngach ceann de na forais trasteorann sna blianta céanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29530/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Eisíonn mo Roinn agus an Roinn Airgeadais agus Pearsanra i dTuaisceart Éireann doiciméad comhaontaithe Treoir Pleanála Gnó chuig na ForaisThuaidh Theas gach bliain. San áireamh sa Treoir Pleanála Gnó bíonn treoir maidir leis an íos-sábháil éifeachtúlachta a bhíonn le cur i gcrích ag na Forais an bhliain dár gcionn. Ba iad 3% do 2012, 3% do 2013 agus 4% do 2014, na riachtanais sábhála chomhaontaithe.

Seo a leanas an gearradh céatadáin a cuireadh i bhfeidhm ar vótaí na Ranna Éireannacha ábhartha.

Eagras

2012

2013

2014

An Foras Forbartha Trádála agus Gn . (InterTrade Ireland)

-3%

+1%*

-4%

Uiscebhealaí Éireann (Waterways Ireland)

-10%

-6%

-5%

An Foras Teanga (The Language Body)

-6%

-5%

-7%

Foras Um Chláir Speisialta (Special EU Programmes Body)

-4%

+2%*

-4%

Turasóireacht Éireann (Tourism Ireland)

-3%

-3%

-4%

An Bord um Chur Chun Cinn Sabháilteachta Bia (SafeFood)

0%**

0%

-3%

Gníomhaireacht na Lochanna (Loughs Agency)

-3%

-3%

-4%

* Tá buiséad steirlinge ag na Forais seo a laghdaíodh faoi 3% in 2012, 3% in 2013 agus 4% in 2014. Léiríonn buiséid vótáilte na Ranna Éireannacha na laghduithe seo agus na rátaí malartaithe pleanála euro/steirling sa tréimhse luaite.

** Bhí an meastachán don bhliain 2011 don Bhord um Chur Chun Cinn Sabháilteachta Bia 11% níos ísle ná an bhliain 2010.

Barr
Roinn