Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 1769 agus Uimh. 1770 le chéile.
Mar is eol don Teachta, baineann na cláracha LEADER agus SICAP atá luaite aige leis an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. É sin ráite, is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mo Roinn i dteagmháil rialta leis an Roinn sin maidir le seachadadh na gclár sin sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin.
Comhairlítear dom go bhfuil an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil sásta breathnú ar Údarás na Gaeltachta mar chomhpháirtí an-tábhachtach ar Ghrúpaí Gníomhaíochta Áitiúla áirithe agus go ndéanfar breithniú ar an ról a d'fhéadfadh a bheith ag an Údarás i seachadadh gníomhaíochtaí LEADER i gceantair Ghaeltachta ar son na ngrúpaí sin. Tuigtear dom fosta go bhfuil an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ag moladh do na pobail Ghaeltachta agus oileán a chinntiú go dtéann siad i ngleic go hiomlán le próisis forbartha na Straitéise Forbartha Áitiúil dá limistéir féin, lena chinntiú go dtugtar aghaidh go hiomlán ar na hábhair is cúraim dóibh.
Dá bhrí sin, tá mé dóchasach go mbeifear ábalta teacht ar shocrú sásúil a chinnteoidh go mbeidh Údarás na Gaeltachta, go díreach nó go hindíreach, ag tacú le seachadadh na gclár LEADER agus SICAP sa Ghaeltacht.