Éamon Ó Cuív
Question:1771. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén líon agallamh i nGaeilge atá déanta aici agus ag a hAirí Stáit, ó ceapadh iad i mí Iúil, leis na meáin seo a leanas: TG4, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte (Béal Feirste), RTÉ Raidió 1, agus bealaí teilifíse RTÉ 1 agus 2; cé na dátaí ar a craoladh na hagallaimh; cén fad a lean gach agallamh agus cén t-ábhar a bhí ann; agus, i ngach cás, arbh agallamh beo nó agallamh réamhthaifeadta a bhí i gceist; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34493/14]
View answer