Skip to main content
Normal View

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 17 September 2014

Wednesday, 17 September 2014

Questions (1773)

Éamon Ó Cuív

Question:

1773. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici cúiteamh a thabhairt faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge do na mná tí i leith na gcostas breise a bheidh orthu ó 2015 ar aghaidh mar gheall ar na táillí uisce nua atá á dtabhairt isteach ag an Rialtas; ar phléigh sí an cheist seo leis an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. [34495/14]

View answer

Written answers

Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil i gceist agam leanúint leis an gcúnamh atá ar fáil ó mo Roinnse faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge in 2015. Mar chuid den ghnáthphlé a bhíonn ar siúl ag an tráth seo gach bliain, beidh cruinniú ag mo Roinn go luath le Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, nó CONCOS, mar a thugtar orthu. Tá mé cinnte go bpléifear na himpleachtaí ar fad a bheadh ag aon chostais bhreise, táillí uisce san áireamh, ar na teaghlaigh atá aitheanta faoin scéim. Má mheastar go gcabhródh sé ceist na dtáillí uisce a phlé le páirtithe leasmhara eile, d'fhéadfadh mo Roinn breathnú air seo. Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, go mbeidh aon phlé a dhéanfar faoi na nithe seo le tarlú i gcomhthéacs na n-acmhainní a chuirfear ar fáil do mo Roinnse ó phróiseas na Meastachán do 2015.

Top
Share