Skip to main content
Normal View

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 17 September 2014

Wednesday, 17 September 2014

Questions (1774)

Éamon Ó Cuív

Question:

1774. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén cistiú a cuireadh ar fáil d’Fhoras na Gaeilge gach bliain ó 2011 i leith; an bhfuil sé i gceist aici an cistiú seo a mhéadú an bhliain seo chugainn. [34498/14]

View answer

Written answers

Is mian liom aird an Teachta a tharraingt ar an bhfreagra a tugadh ar Cheist Dála Uimh 116 den 26 Meitheamh 2014. Léirítear sa tábla seo a leanas an caiteachas iarbhír a rinne Foras na Gaeilge ó na hallúntais chómhaoinithe a chuir mo Roinnse ar fáil don eagraíocht le linn na tréimhse ó 2011 go 2014:

Bliain

2011

€m

2012

€m

2013

€m

2014

€m

Buiséad

13.494

13.160

12.386

11.519

(meastachán)

Ní miste a nótáil nach bhfuil an maoiniú ar leith ó mo Roinnse i ndáil le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille san áireamh anseo.

Maidir le 2015, tuigfidh an Teachta go mbraithfidh an buiséad ar phróiseas na Meastachán sa dlínse seo agus ar chinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i dtráth cuí. Ní miste a shoiléiriú, áfach, go bhfuil sé aontaithe cheana féin ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go gcaithfidh na forais trasteorainn go léir sábháil éifeachtúlachta de 4% ar a laghad a chur i bhfeidhm in 2015.

Top
Share