Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Aistriúcháin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 December 2014

Tuesday, 9 December 2014

Questions (277)

Éamon Ó Cuív

Question:

277. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cén líon aistritheoirí atá ag obair sa Roinn sin agus cén líon aistritheoirí a theastódh chun filleadh ar an nós a bhí ann suas go dtí 1979 na rialacha cúirte a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla go comhuaineach [47276/14]

View answer

Written answers

Faoi mar is eol don Teachta, b’fhéidir, sa bhliain 2010 ghlac an Chúirt Uachtarach leis nach bhfuil dualgas bunreachtúil ar an Stát aistriúchán comhuaineach go Gaeilge a chur ar fáil ar gach Riail Chúirte. Tá dualgas air, áfach, na Rialacha sin a chur ar fáil i nGaeilge a luaithe agus is féidir tar éis dóibh a bheith foilsithe i mBéarla. Tá aistritheoir lánaimseartha Gaeilge ag mo Roinnse, a bhíonn ag gabháil go príomha do Rialacha Cúirte a aistriú go Gaeilge, agus fostaíonn mo Roinn aistritheoirí ar chonradh, chomh maith.

D’fhoilsigh mo Roinnse an leagan Gaeilge de na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997, i Nollaig na bliana 2004 agus, díreach ina dhiaidh sin, d’aistrigh sí Leasuithe sonracha ar na Rialacha sin a lorgaíodh le haghaidh cásanna cúirte. D’fhoilsigh mo Roinn an leagan Gaeilge de na Rialacha Cúirte Cuarda, 2001, go luath sa bhliain 2010 agus aistríodh na Leasuithe go léir ar na Rialacha sin ó shin i leith. Tá an leagan Gaeilge de na Foirmeacha sa tríú mórbhailiúchán, an mórbhailiúchán deiridh, de Rialacha Cúirte – Rialacha na nUaschúirteanna, 1986 – faoi bhráid an Choiste Chomhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge faoi láthair, sula bhfoilseofar an leagan Gaeilge de na Rialacha Cúirte sin. A luaithe a bheidh na trí phríomhbhailiúchán sin de Rialacha Cúirte ar fáil i nGaeilge, féadfaidh aistriú na Leasuithe orthu atá fós le haistriú dul ar aghaidh go tapa.

Ó achtaíodh an tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2013, lena ndearnadh socrú maidir le Rannóg an Aistriúcháin de chuid Thithe an Oireachtais d’athchromadh ar Ionstraimí Reachtúla a aistriú, chuidigh an Rannóg sin le mo Roinnse i dtaca le Rialacha Cúirte a aistriú – le míonna beaga anuas, mar shampla, chuir Rannóg an Aistriúcháin an t-aistriúchán ar fáil ar 30 Ionstraim Reachtúil ina raibh Leasuithe ar Rialacha na nUaschúirteanna, 1986.

Top
Share