Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 December 2014

Tuesday, 9 December 2014

Questions (278)

Éamon Ó Cuív

Question:

278. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna in 2004, 1994, 1984 agus 1974. [47290/14]

View answer

Written answers

Tá os cionn 50 ball foirne, nach mór 3% de chohórt na foirne, ar phainéal d’oifigigh atá ar fáil chun obair a dhéanamh trí Ghaeilge agus ar féidir leo déileáil le ceisteanna agus fiosruithe as Gaeilge ó dhaoine den phobal.

Tá aistritheoir lánaimseartha Gaeilge ag an Roinn, chomh maith, a bhíonn ag gabháil go príomha do Rialacha Cúirte a aistriú go Gaeilge.

Roimh thosach feidhme na Scéime Gaeilge níor choimeád mo Roinn staidreamh ar líon na ndaoine a bhí inniúil ar obair a dhéanamh trí Ghaeilge agus dá dheasca sin níl figiúirí ar fáil do na blianta 2004, 1994, 1984 agus 1974.

Top
Share