Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí faoi AEOS

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 December 2014

Thursday, 18 December 2014

Questions (215)

Éamon Ó Cuív

Question:

215. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta (AEOS) a íoc le duine i mo dháilcheantar (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49037/14]

View answer

Written answers

Ceadaíodh rannpháirteacht an duine ainmnithe sa Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta le héifeacht ón 1 ú Bealtaine 2013.

Faoi Rialacháin an AE a rialálann an Scéim sin agus scéimeanna íocaíochta limistéir-bhunaithe eile, ní mór seiceálacha cuimsitheacha riaracháin, lena n-áirítear tras-seiceáil leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún, a thabhairt chun críche sular féidir aon íocaíocht a eisiúint. Tá na seiceálacha sin tugtha chun críche go rathúil i ndáil leis an mbliain Scéime 2013 agus eisíodh an íocaíocht iomlán chuig an duine ainmnithe – an 7ú Bealtaine 2014 a eisíodh 75% den íocaíocht agus an 8ú Meán Fómhair 2014 a eisíodh an 25% eile den íocaíocht.

Tá an t-iarratas i ndáil le 2014 á phróiseáil ag mo Roinn faoi láthair.

Top
Share