Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí faoi REPS

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 December 2014

Thursday, 18 December 2014

Questions (216)

Éamon Ó Cuív

Question:

216. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht aonair agus na híocaíochtaí faoin Scéim do Cheantair faoi Mhíbhuntáiste agus faoi REPS 4 a íoc le duine i mo dháilcheantar, cén fáth nár íocadh na híocaíochtaí seo go dtí seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49038/14]

View answer

Written answers

Níl aon taifead ag mo Roinn go bhfuarthas iarratas ar bith faoi Scéim na hAoníocaíochta/Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste/Scéim REPS 2014 ón duine ainmnithe. Chomh maith leis sin, níl aon teidlíochtaí ag an duine ainmnithe agus ní bheadh an duine ainmnithe incháilithe chun íocaíocht a fháil faoi Scéim na hAoníocaíochta ar aon nós. Sa chás gur sheol an duine ainmnithe foirm iarratais isteach, beidh orthu scríobh chuig Scéim na hAoníocaíochta – Roinn na Gaillimhe, Seanbhóthar Mhainistir Laoise, Port Laoise, ag míniú a gcás agus an t-admháil Phost Mearsheachadta nó Phost Cláraithe a iarrtar go sonrach i dTéarmaí agus Coinníollacha na Scéimeanna a chur faoi iamh.

Top
Share