Skip to main content
Normal View

Tuarascálacha Ranna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 January 2015

Wednesday, 14 January 2015

Questions (1053)

Pearse Doherty

Question:

1053. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil a fhios aici cathain a fhoilseofar an tuarascáil ón meitheal smaointe a bunaíodh i mí Aibreáin 2014 chun fiosrúchán a dhéanamh maidir le cruthú post i nGaoth Dobhair; cé hiad na daoine a bhí páirteach sa ghrúpa sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1418/15]

View answer

Written answers

Bhunaigh Údarás na Gaeltachta grúpa oibre, Fóram Forbartha Fiontraíochta, i mí Aibreáin seo caite chun tabhairt faoi phlean gníomhaíochta a ullmhú, a bhfuil sé mar aidhm aige tograí fiontraíochta nua a aimsiú agus a mhealladh le lonnú in iarthuaisceart Chontae Dhún na nGall agus deiseanna nua fostaíochta a chruthú sa cheantar. Tá ionadaíocht ar an ngrúpa oibre ag Údarás na Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann, an tÚdarás Forbartha Tionscail, SOLAS, Comhairle Contae Dhún na nGall, Institiúid Theicneolaíochta Leitir Ceanainn, an Roinn Coimirce Sóisialaí, agus mo Roinn féin. Tuigim go bhfuil sé beartaithe tuarascáil an ghrúpa oibre a fhoilsiú i mí an Mhárta.

Top
Share