Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 1054, 1055 agus 1056 le chéile.
Léirítear sa tábla thíos líon na n-orduithe logainmneacha a rinneadh ón mbliain 2005 go data, chomh maith leis an líon logainmneacha a bhí i gceist le gach ordú.
Orduithe Logainmneacha (Contae / Ceantar)
|
Bliain
|
Líon Logainmneacha
|
Tiobraid Árann
|
2005
|
3,527
|
Lárionaid daonra (nach bhfuil clúdaithe in orduithe eile)
|
2005
|
1,340
|
Luimneach (Leasú)
|
2008
|
1
|
Ceantair Ghaeltachta (ainmneacha eile)
|
2011
|
6,071
|
Baile Átha Cliath
|
2011
|
1,355
|
Corcaigh
|
2012
|
6,072
|
Tá dréachtorduithe logainmneacha, a chuimsíonn 6,930 logainm san iomlán, ullmhaithe do chontaetha na Gaillimhe, Liatroma agus Longfoirt. Déanfar na dréachtorduithe sin chomh luath agus atá na leasuithe cuí ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 achtaithe.
Ina theannta sin, cuireadh 3,498 logainm i ndréachtordú logainmneacha Chontae Mhaigh Eo faoi bhráid an Choiste Logainmneacha sa bhliain 2014. Pléifidh an Coiste Logainmneacha fuílleach na logainmneacha i ndréachtordú logainmneacha Chontae Mhaigh Eo (658 logainm) go luath i mbliana. Tá socruithe sa treis freisin chun logainmneacha chontaetha Cheatharlach agus Loch Garman a chur faoi bhráid an Choiste Logainmneacha i mbliana.
Bhí 6 phost lánaimseartha sa Bhrainse Logainmneacha ar an 1 Eanáir 2010 i gcomparáid le 4.4 post lánaimseartha ar an 1 Eanáir 2015.