Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 January 2015

Wednesday, 21 January 2015

Questions (250)

Éamon Ó Cuív

Question:

250. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a iarradh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) plean teanga a réiteach; an bhfuil aon phlean teanga i bhfeidhm ag FSS faoi láthair; mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil, ag cur i gcuntas an méid teagmhála a bhíonn ag FSS leis an bpobal; cén uair a bheartaítear plean teanga a chomhaontú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2989/15]

View answer

Written answers

I mí Iúil 2005, daingníodh scéim teanga faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla le Bord Sláinte an Iarthair, mar a bhí ag an am agus atá anois mar Réigiún an Iarthair d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Faoi alt 14(3) den Acht, fanann forálacha na scéime sin i bhfeidhm go dtí go ndaingnítear scéim nua.

Cé gur iarradh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dréachtscéim teanga a ullmhú i mí na Nollag 2006 agus cé gur cuireadh dréachtscéim faoi bhráid na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a bhí ag an am, níor daingníodh an dréachtscéim leis an FSS ar bhonn náisiúnta ó shin, go príomha mar gheall ar phleananna athstruchtúraithe a bhí á mbeartú don FSS.

Tá plé gníomhach ar bun idir oifigigh mo Roinne agus an FSS le tamall anuas maidir le dréachtscéim teanga a aontú leis an FSS ar bhonn náisiúnta. Ag eascairt ón bplé seo, tá tús curtha ag an FSS le próiseas comhairliúcháin ina leith ó 7 Eanáir 2015. Sa chomhthéacs seo, ní miste a nótáil go bhfuil athruithe substaintiúla sa treis ag an FSS faoi láthair maidir le bunú na nGrúpaí Ospidéal agus na nEagraíochtaí Sláinte Pobail. Táthar ag súil go gcuimseoidh an dréachtscéim nua atá á hullmhú na struchtúir nua seo.

Top
Share