Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 January 2015

Wednesday, 21 January 2015

Questions (251)

Éamon Ó Cuív

Question:

251. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén líon pleananna teanga a comhaontaíodh gach bliain ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 i bhfeidhm, agus idirdhealú á dhéanamh idir an chéad phlean, an dara plean agus an tríú plean i ngach cás; cé na forais, na heagraíochtaí nó na Ranna Stáit a bhí i gceist i ngach bliain acu sin; cén líon pleananna atá fós i bhfeidhm agus a comhaontaíodh tráth is luaithe ná trí bliana ó shin; cén líon iomlán comhlachtaí a thagann faoi réim na reachtaíochta seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2990/15]

View answer

Written answers

Tá eolas maidir leis an líon scéimeanna teanga a daingníodh ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 i bhfeidhm tugtha sna táblaí thíos:

Céad Scéimeanna Teanga

An líon céad scéimeanna teanga daingnithe

Bliain

Líon scéimeanna

Comhlacht Poiblí

2004

1

An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

2005

22

An Chomhairle Ealaíon

An Coimisiún Reifrinn

An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí

An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta

An Roinn Oideachais agus Scileanna

An tSeirbhís Chúirteanna

An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall

Comhairle Contae Chiarraí

Comhairle Contae Dhún na nGall

Comhairle Contae na Gaillimhe

Comhairle Contae Phort Láirge

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - Limistéar an Iarthair

Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe - Maigh Eo

Oifig an Ombudsman & Oifig an Choimisinéara Faisnéise

Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí

Oifig an Uachtaráin

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Roinn an Taoisigh

2006

18

An Roinn Airgeadais

An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Banc Ceannais na hÉireann

Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Comhairle Chathair na Gaillimhe

Comhairle Contae Átha Cliath Theas

Comhairle Contae Fhine Gall

Comhairle Contae Mhaigh Eo

Comhairle Contae na Mí

Óglaigh na hÉireann

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Ollscoil Luimnigh

Ollscoil na hÉireann, Corcaigh

Seirbhís Oideachais Chontae Chiarraí

2007

29

An Bord Pleanála

An Bord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúla

An Bord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúla

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

An Foras Riaracháin

An Phríomh-Oifig Staidrimh

An Roinn Coimirce Sóisialaí

An Roinn Cosanta

An Roinn Iompair Turasóireachta & Spóirt

Clárlann na nGníomhas & Clárlann na Talún

Coimisiún Forbartha an Iarthair

Coiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath

Coiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí

Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe

Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann

Comhairle Chathair Chorcaí

Comhairle Chathair Luimnigh

Comhairle Contae an Chláir

Comhairle Contae Chorcaí

Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin

Comhairle Contae Liatroma

Comhairle Contae Lú

Comhairle Contae na hIarmhí

Comhairle Contae Ros Comáin

Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh

Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn

Oifig an Ard-Aighne & Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit

Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

Oifig na nOibreacha Poiblí

2008

15

An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh

An Crannchur Náisiúnta

An tÚdarás um Ard-Oideachas

Bord Soláthair an Leictreachais

Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath

Comhairle Chathair Phort Láirge

Comhairle Contae Cheatharlach

Comhairle Contae Chill Dara

Comhairle Contae Longfoirt

Comhairle Contae Luimnigh

Comhairle Contae Mhuineacháin

Leabharlann Chester Beatty

Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach

An Foras Áiseanna Saothair (FÁS)

Teagasc

2009

14

An Binse Comhionannais

An Garda Síochána

An Roinn Sláinte

Bord Scannán na hÉireann

Coiste Gairmoideachais Chontae an Chláir

Coiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí

Comhairle Buirge Chill Chainnigh

Comhairle Contae an Chabháin

Comhairle Contae Chill Mhantáin

Comhairle Contae Laoise

Foras na Mara

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Oifig Chláraitheoir na gCara-Chumann & Oifig um Chlárú Cuideachtaí

2010

6

An Roinn Post, Fiontar & Nuálaíochta

Comhairle Contae Loch Garman

Comhairle Contae Shligigh

Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan

Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí

Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide

2011

0

2012

3

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Seirbhís Thithe an Oireachtais

2013

4

An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain

Údarás Aerphort Bhaile Átha Cliath

Údarás Craolacháin na hÉireann

2014

6

An Bord Bia

An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil

An tÚdarás um Bhóithre Náisiúnta

Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge

Suirbhéireacht Ordanáis Éireann

Údarás Aerfort na Sionainne

Iomlán

118

Dara Scéimeanna Teanga

An líon dara scéimeanna teanga daingnithe

Bliain

Líon scéimeanna

Comhlacht Poiblí

2009

8

An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí

An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta

An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall

Comhairle Chathair na Gaillimhe

Ollscoil Luimnigh

Roinn an Taoisigh

2010

10

An Roinn Cosanta

Coiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath

Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe

Comhairle Contae Chiarraí

Comhairle Contae Dhún na nGall

Óglaigh na hÉireann

Oifig an Ard-Aighne & Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit

Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí

Seirbhís Oideachais Chontae Chiarraí

2011

1

An Bord Pleanála

2012

6

An Crannchur Náisiúnta

Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann

Comhairle Contae Átha Cliath Theas

Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn

Oifig an Ombudsman & Oifig an Choimisinéara Faisnéise

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

2013

11

An Coimisiún Reifrinn

An Roinn Oideachais agus Scileanna

An tSeirbhís Chúirteanna

An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Bord Soláthair an Leictreachais

Comhairle Contae Chill Chainnigh

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe - Maigh Eo

Oifig an Uachtaráin

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide

2014

9

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

An Roinn Airgeadais

An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha

Comhairle Contae na Gaillimhe

Foras na Mara

Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan

Leabharlann Chester Beatty

Oifig na nOibreacha Poiblí

Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad

Iomlán

45

Tríú Scéimeanna Teanga

An líon tríú scéimeanna teanga daingnithe

Bliain

Líon scéimeanna

Comhlacht Poiblí

2013

1

An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

2014

6

An Roinn Cosanta

Comhairle Contae Chiarraí

Comhairle Contae Dhún na nGall

Óglaigh na hÉireann

Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí

Iomlán

7

Tá 53 scéim teanga san iomlán i bhfeidhm le os cionn trí bliana, ar a n-áirítear 47 céad scéim agus 6 dara scéim. Mar is eol don Teachta, faoi réir alt 14(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, fanann scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana ón dáta a ndaingnítear í nó go dtí go mbíonn scéim nua daingnithe, cibé acu is déanaí.

Tá uasdátú á dhéanamh ar an Chéad Sceideal d’Acht na dTeangacha Oifigiúla faoi láthair chun na hathruithe móra atá tagtha ar chomhdhéanamh na seirbhíse poiblí le roinnt blianta anuas a bheachtú. De réir an eolais is déanaí atá ar fáil i ndáil leis an phróiseas uasdátaithe, tuigtear dom go dtagann tuairim is 443 comhlacht poiblí faoi scáth an Achta faoi láthair.

Is mian liom a mheabhrú don Teachta fosta go bhfuil sonraí maidir leis na scéimeanna uilig atá daingnithe go dáta, mar aon leis na scéimeanna atá á n-ullmhú faoi láthair, ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie.

Top
Share