I gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh i gClár an Rialtais, rinne mo Roinn athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ag eascairt as an athbhreithniú sin, thóg an Rialtas cinneadh anuraidh Bille a dhréachtú chun leasuithe a dhéanamh ar an Acht. I gcomhréir le polasaí an Rialtais, cuireadh Ceannteidil an Bhille faoi bhráid an Chomhchoiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht. Foilsíodh tuarascáil an Chomhchoiste maidir leis na Ceannteidil ar an 24 Feabhra agus tá na moltaí atá inti á meas agam faoi láthair.
Déantar foráil i gCeann 6 den Bhille go gcuirfear fo-alt nua isteach san Acht chun na poist i gcomhlachtaí poiblí a bhfuil riachtanas inniúlachta Gaeilge ag gabháil leo a shonrú i scéimeanna teanga. Eascraíonn an leasú sin as cinneadh Rialtais den 30 Deireadh Fómhair 2013 i ndáil le deireadh a chur le marcanna bónais a bhronnadh as oilteacht Ghaeilge in earcaíocht agus comórtais ardaithe céime na Státseirbhíse agus córas nua bunaithe ar inniúlacht a chur ina áit. Is í an aidhm atá leis an gcóras nua ná an líon oifigeach le Gaeilge sa Státseirbhís a mhéadú. Tá na socruithe nua á gcur i bhfeidhm sna comórtais atá á reáchtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí d'oifigigh cléireachais, riaracháin agus feidhmiúcháin, mar aon leis an gcomórtas do phríomhoifigigh.