Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 11 March 2015

Wednesday, 11 March 2015

Questions (35)

Michael P. Kitt

Question:

35. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an mbeidh ról ag an gCoimisinéir Teanga in aon pholasaí nua nó Bille chun an Ghaeilge a neartú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10198/15]

View answer

Written answers

I gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh i gClár an Rialtais, rinne mo Roinn athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ag eascairt as an athbhreithniú sin, thóg an Rialtas cinneadh anuraidh Bille a dhréachtú chun leasuithe a dhéanamh ar an Acht Teanga. I gcomhthéacs an athbhreithnithe, thóg an Rialtas cinneadh nach ndéanfaí Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman, mar a bhí beartaithe.

I gcomhréir le polasaí an Rialtais, cuireadh Ceannteidil an Bhille faoi bhráid an Chomhchoiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht. Bhí éisteachtaí ag an bhFochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge maidir leis na Ceannteidil i mí na Bealtaine seo caite. Foilsíodh tuarascáil an Chomhchoiste maidir leis na Ceannteidil ar an 24 Feabhra. Tá na moltaí atá inti, cuid acu a mholann ról an Choimisinéara Teanga a láidriú, á meas agam faoi láthair.

Top
Share