Éamon Ó Cuív
Question:383. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cé mhéid airgid atá curtha i leataobh faoin gClár Bonneagair agus Infheistíochta Caipitil, 2016-2021 d’fhorbairt cé doimhne mara i Ros an Mhíl, Contae na Gaillimhe; cén uair a iarrfar tairiscintí don obair seo, ó tharla go bhfuil cead pleanála ann cheana don obair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34383/15]
View answer