Skip to main content
Normal View

Maoiniú d’Fhoras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 October 2015

Tuesday, 6 October 2015

Questions (782, 783)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

782. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí chun buiséad Fhoras na Gaeilge a choinneáil mar atá nó a mhéadú, leis an gcaint atá ann go mbeidh laghdú de 4.35% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ón mbliain seo chugainn ar aghaidh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34199/15]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

783. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí chun buiséad Fhoras na Gaeilge a choinneáil mar atá nó a mhéadú, leis an gcaint atá ann go mbeidh laghdú de 4.35% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ón mbliain seo chugainn ar aghaidh; an bhfuil sí sásta glacadh le moladh a rinneadh ag an gComhchoiste go mbeadh 10% den earnáil phoiblí inniúil sa Ghaeilge; cén plean atá ag an Roinn chun an sprioc seo a bhaint amach; cén sprioc ama atá ann chun an plean seo a chur i gcrích; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34200/15]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 782 agus 783 le chéile.

Mar is eol don Teachta, is áisíneacht den Fhoras Teanga é Foras na Gaeilge agus, dá réir sin, is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn a bhuiséad. Déantar Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar bhonn 75% ó mo Roinnse agus 25% ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann. Anuas air seo, cuireann mo Roinn maoiniú breise ar leith ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille. Ina theannta sin, faigheann Foras na Gaeilge ioncam ó fhoinsí eile, lena n-áirítear ioncam ó dhíol leabhar.

Ní miste a shoiléiriú go bhfuil sé aontaithe cheana féin ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go gcaithfidh na forais trasteorann go léir sábháiltí éifeachtúlachta de 4% ar a laghad in aghaidh na bliana a chur i bhfeidhm ar bhonn carnach thar an tréimhse 2014 go 2016. Dá bhrí sin, ag eascairt as laghdú carnach 8% thar na blianta 2014 agus 2015 agus i gcomhréir le treoracha na Ranna Airgeadais thuaidh agus theas, beidh laghdú 4% le cur i bhfeidhm in 2016 ar na forais trasteorann go léir. San ollchomhthéacs sin, beidh buiséad Fhoras na Gaeilge do 2016 ag brath ar phróiseas na Meastachán sa dlínse seo, an maoiniú a bheidh ar fáil ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann agus ar chinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i dtráth cuí.

Maidir leis an mholadh atá déanta ag an gComhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht go mbeadh 10% ar a laghad den fhoireann i gcomhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge, ní miste dom a shoiléiriú nach mbaineann freagrachtaí maidir le hearcaíocht don tseirbhís phoiblí le mo réimse freagrachtaí mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta. An méid sin ráite áfach, is féidir liom a chur in iúl don Teachta go bhfuilim tar éis scríobh chuig Airí éagsúla chun dul i mbun plé leo maidir le tionscnaimh pholasaí áirithe a bhfuil sé mar aidhm acu forbairt a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge. Tá an méid seo a leanas san áireamh sna tionscnaimh pholasaí seo:

- Na céatadáin íosta do na painéil do dhátheangaigh fheidhmiúla a ardú ón íosmhéid de 6% i gcomórtais earcaíochta do ghráid neamh-speisialtóireachta sa Státseirbhís. Is í an mhianaidhm an céatadán a ardú ar bhonn incriminteach go dtí 20% thar thréimhse ama, ag tosú le hardú go dtí 10% mar thús.

- Treisiú a dhéanamh ar an gcreatlach pleanála don fhórsa saothair do Ranna Rialtais trína gcuirtear iachall orthu mír ar leith a bheith sna pleananna gníomhaíochta don fhórsa saothair a shonraíonn na poist/réimsí oibre ina mbíonn gá le dátheangaigh fheidhmiúla le fócas ar leith ar an nGaeltacht.

Top
Share