Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 December 2015

Tuesday, 8 December 2015

Questions (236)

Éamon Ó Cuív

Question:

236. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cen uair a dhéanfar íocaíocht faoi Scéim na Limistéar faoi Shriantacht Nádúrtha le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha); cén fáth go bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43704/15]

View answer

Written answers

Fuarthas iarratas faoi Scéim na Limistéar Srianta Nádúrtha 2015 ón duine a ainmnítear an 8 Bealtaine 2015. Tugadh próiseáil an iarratais seo chun críche le déanaí agus eiseofar íocaíocht go luath, go díreach do chuntas bainc ainmnithe an duine a ainmnítear.

Top
Share