Skip to main content
Normal View

Cuanta agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 January 2016

Tuesday, 26 January 2016

Questions (471)

Éamon Ó Cuív

Question:

471. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a bheifear i dteagmháil le Comhairle Contae na Gaillimhe maidir leis an airgead atá curtha ar fáil faoina Roinn chun cé Inis Oírr a fhorbairt; an mbeidh ar an gcomhairle contae sciar den chostas a chur ar fáil chun íoc as forbairt na cé agus, más amhlaidh go mbeidh, cén céatadán a bheidh i gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2988/16]

View answer

Written answers

Chuir an Rialtas €8 milliún ar fáil i bPlean Caipitil 2016-2021 chun cé Inis Oírr a fhorbairt.

Bhí mo Roinn i dteagmháil cheana féin le Comhairle Contae na Gaillimhe maidir leis an togra seo agus beidh an Roinn ag bualadh leis an gComhairle ar ball chun féachaint leis an togra a thionscnamh agus é a chur chun tosaigh.

Top
Share