Skip to main content
Normal View

Ceadúnais Feamainn a Bhaint

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 January 2016

Tuesday, 26 January 2016

Questions (472)

Éamon Ó Cuív

Question:

472. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil Environment, Community and Local Government cén staid ag a bhfuil iarratas ar cheadúnas bainte feamainne ag comhlacht (sonraí tugtha); agus cén uair a fhógrófar go poiblí é mar chuid den chomhairliúchán poiblí. [2992/16]

View answer

Written answers

Níl aon iarratas ar cheadúnas foirmiúil ar mhaithe le feamainn a bhaint faighte ón gcomhlacht luaite.

Cuireadh foirm réamh-iarratais isteach chuig mo Roinn i mí Feabhra 2015. Nuair a fuarthas an fhoirm, lorg mo Roinn tuilleadh eolais dá bharr, ach táthar ag feitheamh ar an eolas seo.

Top
Share