Mar is eol don Teachta, is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) an ghníomhaireacht earcaíochta láraithe don státseirbhís.
Clúdaíonn an t-eolas a leanas na feachtais agus iarratais folúntas a raibh baint ag PAS leo.
Is é líon iomlán na sannachán atá déanta ag PAS don státseirbhís ná 4,144 in 2015. Is féidir nár ghlac gach ceann de na hiarrthóirí le post agus is féidir gur státseirbhísigh iad roinnt díobh ar éirigh leo i gcomórtas do ghrád níos airde.
Níl eolas ar líon na sannachán do Ranna ar fáil taobh istigh den am atá ar fáil, ach nuair atá sé ar fáil seolfaidh mé chuig an Teachta é.
Phróiseáil PAS iarrthóirí do ghrádanna státseirbhíse ginearálta Príomhoifigeach, Príomhoifigeach Cúnta, Oifigeach Feidhmiúcháin agus Oifigeach Cléireachais i 2015.
Is é seo a leanas achoimre de stádas reatha na bpainéal a cruthaíodh ó na comórtais OC agus OF d'iarrthóirí dátheangacha feidhmiúla:
Feachtas OF
Cruthaíodh painéal iarrthóirí dátheangach feidhmiúil mar chuid den chomórtas OF. Go dtí seo, tá 22 iarrthóir cáilithe agus cuireadh ar phainéil iad. Sannadh 14 den phainéal in 2016 agus sannfar na h-iarrthóirí eile den phainéal go luath.
Feachtas OC 2014
Cruthaíodh painéal iarrthóirí dátheangach feidhmiúil mar chuid den chomórtas OC. Go dtí seo, tá 30 (as líon tosaigh 745) cáilithe agus tairgeadh folúntais dóibh ar fad. Den 22 a ghlac le post, sannadh iad mar a leanas:
- Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim 13
- An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 3
- An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha 3
- An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta 2
- Coimisiún na Scrúduithe Stáit 1