Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Questions (230)

Éamon Ó Cuív

Question:

230. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5826/16]

View answer

Written answers

Tá 809.5 post foirne coibhéise lánaimseartha ann i mo Roinn faoi láthair.

Níor shainaithin mo Roinn, trína próiseas pleanála fórsa saothair, aon phoist dá bhfuil inniúlacht i nGaeilge ina réamhriachtanas. I suirbhé ar an bhfoireann a rinneadh sa bhliain 2012 chun leibhéal an éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a ndéileálann an Roinn leis a fháil amach, deimhníodh gurbh an-íseal a bhí an líon cumarsáidí a fuarthas i nGaeilge le blianta beaga anuas, bíodh siad i scríbhinn, ar an nguthán nó ar bhonn duine le duine, agus níl aon athrú tagtha ar an gcás sin sna blianta ina dhiaidh sin.

Tá Scéim Teanga i bhfeidhm ag mo Roinn. Ullmhaíodh í de réir alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Leis an Scéim sin, déantar forbairt ar phrionsabail Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus ar an ngealltanas a tugadh i gCairt Chustaiméirí na Roinne maidir lena chinntiú go mbeidh custaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge in ann déanamh amhlaidh. Tá mo Roinn tiomanta do leibhéal an éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a mheasúnú ar bhonn leanúnach chun a chinntiú go leanann an Roinn ar aghaidh ag freastal ar an éileamh sin ar bhealach pleanáilte, comhtháite agus inrochtana. Go háirithe, áirítear léi gealltanas go sainaithneofar, faoi dheireadh na chéad bhliana den scéim, aon phoist dá bhfuil inniúlacht i nGaeilge ina riachtanas buntábhachtach agus go ndéanfar gach iarracht na riachtanais sin a chomhlíonadh faoi dheireadh na scéime, agus aird á tabhairt ar bheartais earcaíochta, ardaithe céime agus oiliúna, de réir mar is cuí.

Top
Share