I suirbhé ar an bhfoireann a rinneadh sa bhliain 2012 chun leibhéal an éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a ndéileálann an Roinn leis a fháil amach, deimhníodh gurbh an-íseal a bhí an líon cumarsáidí a fuarthas i nGaeilge le blianta beaga anuas, bíodh siad i scríbhinn, ar an nguthán nó ar bhonn duine le duine. Ós rud é nach bhfuil aon athrú tagtha ar an gcás sin sna blianta ina dhiaidh sin, níor shainaithin mo Roinn, trína próiseas pleanála fórsa saothair, aon phoist dá bhfuil inniúlacht i nGaeilge ina réamhriachtanas.
Tá mo Roinn tiomanta do chumarsáid a dhéanamh le cliaint ar mian leo a ngnó leis an Roinn a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá socruithe i bhfeidhm trínar thoiligh 13 bhall foirne le páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna cuí chun a scileanna Gaeilge a fheabhsú. Táthar ag cur na hoiliúna sin ar fáil le go mbeidh cohórt ball foirne ar fáil againn a fhéadann cabhrú le haonaid ghnó freagra a thabhairt do chliaint ar mian leo cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge.
I Scéim Teanga mo Roinne lena gclúdaítear an tréimhse 2015-2018, leagtar amach an méid atá seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair agus tugtar breac-chuntas ar thiomantas na Roinne do leibhéal an éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a mheasúnú ar bhonn leanúnach chun a chinntiú go leanann an Roinn ar aghaidh ag freastal ar an éileamh sin ar bhealach pleanáilte, comhtháite agus inrochtana.