Éamon Ó Cuív
Question:854. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhféadfadh sí míniú a thabhairt ar an gcúis nár daingníodh an dréachtscéim náisiúnta teanga fós faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ar dréachtscéim í a d’iarr an tAire ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte í a chur faoina bráid roimh an 10 Iúil 2007; cén chúis atá leis an moill níos faide ná ocht mbliana go leith a bheith le daingniú na dréachtscéime; céard iad na céimeanna atá tógtha ag an Aire chun an dréachtscéim a dhaingniú; cén uair a thiocfaidh an scéim teanga i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5812/16]
View answer