Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Ceisteanna (854)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

854. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhféadfadh sí míniú a thabhairt ar an gcúis nár daingníodh an dréachtscéim náisiúnta teanga fós faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ar dréachtscéim í a d’iarr an tAire ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte í a chur faoina bráid roimh an 10 Iúil 2007; cén chúis atá leis an moill níos faide ná ocht mbliana go leith a bheith le daingniú na dréachtscéime; céard iad na céimeanna atá tógtha ag an Aire chun an dréachtscéim a dhaingniú; cén uair a thiocfaidh an scéim teanga i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5812/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar a mhínigh mé don Teachta i mo fhreagra ar Cheist Dála Uimh. 250 ar an 21 Eanáir 2015, daingníodh scéim teanga faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla le Bord Sláinte an Iarthair, mar a bhí ag an am agus atá anois mar Réigiún an Iarthair d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), i mí Iúil 2005. Faoi alt 14(3) den Acht, fanann forálacha na scéime sin i bhfeidhm go dtí go ndaingnítear scéim nua.

Iarradh ar FSS dréachtscéim teanga a ullmhú i mí na Nollag 2006 agus, cé gur cuireadh dréachtscéim faoi bhráid na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a bhí ag an am, níor daingníodh an dréachtscéim ar bhonn náisiúnta, go príomha mar gheall ar phleananna athstruchtúraithe a bhí á mbeartú don FSS.

Tá plé gníomhach ar bun idir oifigigh mo Roinne agus FSS le tamall anuas maidir le dréachtscéim teanga a aontú leis an chomhlacht poiblí ar bhonn náisiúnta. Tuigtear dom go bhfuil an próiseas comhairliúcháin a thionscain FSS i ndáil le hullmhú na dréachtscéime curtha i gcrích anois agus go bhfuil torthaí an phróisis á mbreithniú faoi láthair.

Tá mé ag súil leis, dá réir, go gcuirfear dréachtscéim faoi bhráid mo Roinne gan ró-mhoill.

Barr
Roinn