Tá curtha in iúl dom gurbh ionann líon iomlán na mball foirne fostaithe i mo Roinn ar an 31 Márta agus 591 (571.10 lánaimseartha). Sa tábla thíos tugtar achoimre ar na 57 bpost atá ainmnithe faoi láthair mar phoist a bhfuil riachtanas inniúlachta Gaeilge ag baint leo;
Aonad Gnó
|
Líon na Foirne Reatha
|
Rannán na Gaeltachta agus Rannán na nOileán*
|
27
|
Rannán na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht*
|
17
|
An Brainse Logainmneacha*
|
5
|
Oifig an Aire Stáit do Chúrsaí Gaeltachta*
|
3
|
An Phreasoifig (an Preasoifigeach agus an Preasoifigeach Cúnta)
|
2
|
Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha (Treoraí Oideachais)
|
1
|
Aistriucháin
|
2
|
*gach post
Anuas ar na poist i mo Roinn, tá baill foirne ar iasacht freisin in Oifig an Choimisinéara Teanga agus tá 6 ball foirne san oifig sin faoi láthair ata inniúil sa Ghaeilge.
Cuireann baill foirne i rannáin eile de chuid mo Roinne seirbhísí ar fáil i nGaeilge i bpoist nach bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge sonraithe mar riachtanas dóibh.
Déantar athbhreithniú rialta ar an líon foirne i bhfianaise riachtanais ghnó a thagann chun cinn, lena n-áirítear riachtanais a bhaineann le hinniúlacht sa Ghaeilge, mar a léirítear i bpróiseas pleanála mo Roinne don fhórsa oibre.