Skip to main content
Normal View

Maolú na hAlban

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 April 2016

Thursday, 14 April 2016

Questions (172)

Éamon Ó Cuív

Question:

172. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar cinneadh maidir le hiarratas ar theidlíochtaí faoi "Mhaolú na hAlban" (Scottish Derogation) atá déanta ag feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill leis an gcinneadh seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6291/16]

View answer

Written answers

Sheol an duine a ainmnítear iarratas ar aghaidh ar leithdháileadh teidlíochtaí faoi bheart ‘Maolú na hAlban’ de chuid na Scéime Buníocaíochta an 8 Bealtaine 2015. Faoi Rialacháin an AE a rialaíonn an Scéim Buníocaíochta, baineann seiceálacha riaracháin agus ar an bhfeirm agus fíorú sonraí talún a seoladh ar aghaidh le hiarratais a phróiseáil. Tá na seiceálacha seo curtha i gcrích anois, tugadh an t-iarratas chun críche agus eisíodh an íocaíocht don duine a ainmnítear an 11 Aibreán 2016.

Top
Share