Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 April 2016

Tuesday, 26 April 2016

Questions (496, 497)

Éamon Ó Cuív

Question:

496. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé na pleananna atá aici maidir le reachtaíocht a chur faoi bhráid an Oireachtais lena chinntiú go mbeidh deis ag daoine a n-ainmneacha, sloinnte agus seoltaí a úsáid go hiomlán i nGaeilge agus iad ag plé leis an Stát agus lena chinntiú nach mbeidh sé dleathach, ar fhoirmeacha leictreonacha Stáit, na téarmaí Béarla “Mr., Mrs. agus Ms” a dhéanamh éigeantach roimh ainm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8119/16]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

497. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici reachtaíocht a thabhairt isteach lena chinntiú go dtagann gach comhlacht poiblí faoi réim Acht na dTeangacha Oifigiúla, Uisce Éireann san áireamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8120/16]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 496 agus 497 le chéile.

Dréachtaíodh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2015 mar thoradh ar an athbhreithniú a rinneadh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá foráil sa Bhille atá dréachtaithe maidir le taifeadadh agus úsáid leaganacha Gaeilge d’ainmneacha agus de sheoltaí daoine ag comhlachtaí poiblí. Tá foráil sa Bhille freisin d’uasdátú comhlachtaí poiblí atá le háireamh chun críche Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Beidh cinneadh maidir le foilsiú agus achtú an Bhille seo le tógáil ag an Rialtas nua in am trátha.

Top
Share