Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 June 2016

Tuesday, 14 June 2016

Questions (378)

Éamon Ó Cuív

Question:

378. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén idirphlé a bhí ann idir a Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna go dtí seo maidir le dréacht de ráiteas straitéise na Roinne Oideachais agus Scileanna atá ag dul trí phróiseas comhairliúcháin faoi láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15316/16]

View answer

Written answers

Is féidir liom a chinntiú go ndearna mo chomhghleacaí, an tAire Oideachais agus Scileanna, teagmháil liom i dtaca leis an bpróiseas comhairliúcháin atá tosaithe d’fhonn tuairimí a fháil a chuirfeadh bonn eolais faoi ullmhú Ráiteas Straitéise a Roinne.

Tá mo Roinnse ag breathnú ar na ceisteanna a ardaíodh leis an bpáipéar comhairliúcháin a scaip an Roinn Oideachais agus Scileanna agus tabharfar aisfhreagra sa chás go luath.

Top
Share