Skip to main content
Normal View

Forbairt Calaí agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 June 2016

Tuesday, 14 June 2016

Questions (379)

Éamon Ó Cuív

Question:

379. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ag a Roinn a iarraidh ar Chomhairle Contae na Gaillimhe cead pleanála a lorg do Chuid 3 d’fhorbairt an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin ó tharla go bhfuil airgead íoctha ag a Roinn leis an gComhairle Contae le fada an lá leis an gcead seo a lorg; an bhfuil sé i gceist aici a iarraidh ar an Aire Stáit ar a bhfuil an fhreagracht don Ghaeltacht agus do na hOileáin casadh leis an gComhairle Contae leis an mhoill seo a phlé go díreach leo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15317/16]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, bhí cruinniú agam le déanaí le hionadaithe poiblí an cheantair, le hoifigigh ó mo Roinn fein agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe i láthair, ag ar pléadh forbairt Céim III de Ché an Chalaidh Mhóir.

Tagann cúram na cé seo faoi Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus, mar is eol don Teachta, níl na hacmhainní ar fáil don Chomhairle Céim III den fhorbairt a thosú, rud is cúis leis an mhoill sa chás. Ar ndóigh, i láthair na huaire níl achmainní den chineál sin ag mo Roinn féin ach an oiread.

Tig leis an Teachta glacadh leis go mbeidh gach dícheall á dhéanamh agam méadú a fháil ar an riar airgid a bhíonn ar fáil do mo Roinnse d’fhorbairtí den chineál seo i gcomhthéacs na meastachán agus na cáinaisnéise don bhliain seo chugainn.

Top
Share