Skip to main content
Normal View

Cuanta agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 June 2016

Tuesday, 14 June 2016

Questions (380)

Éamon Ó Cuív

Question:

380. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil an cúram maidir le maoiniú forbairt na cé in Inis Oírr le haistriú ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil go dtí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; má tá, an aistreofar an chistíocht leis an gcúram seo do 2016; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15318/16]

View answer

Written answers

Tá sé beartaithe anois go gcuirfí cistiú an Rialtais don ché ar Inis Oírr ar fáil trí mo Roinn. Tá Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe leasaithe do 2016 á ullmhú ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi láthair agus tuigim go gcuirfear faoi bhráid na Dála é go luath.

Top
Share