Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil iarratas faighte ag mo Roinn ón scoil dá dtagraíonn sé faoi Scéim na nOibreacha Samhraidh (2016-2017), Catagóir 6, i leith oibreacha Dín.
Cáileoidh iarratais bhailí faoi Scéim na nOibreacha Samhraidh (2016-2017) i leith Chatagóirí 3 go 10, ó scoileanna nár baineadh amach faoi cheaduithe bhabhta a haon a fógraíodh ar 28ú Aibreán seo caite, chun bheith measúnaithe faoi bhabhtaí eile den Scéim amach anseo, faoi réir ag infhaighteacht fhoriomlán an mhaoinithe. Má bhíonn sé seo i gceist, beidh feidhm i gcónaí ag téarmaí agus coinníollacha na scéime de réir mar atá siad leagtha amach in Imlitir (0055/2015), atá le fáil ar shuíomh idirlín mo Roinne, nuair a bheifear ag leithdháileadh maoinithe ar thionscadail dá leithéid. Tá an t-iarratas faoi Scéim na nOibreacha Samhraidh (2016-2017) a fuarthas ón scoil dá dtagraíonn an Teachta ar fáil chun a bhreithnithe sa chomhthéacs seo.