Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 July 2016

Tuesday, 5 July 2016

Questions (224)

Éamon Ó Cuív

Question:

224. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth nach bhfuil iompar scoile curtha ar fáil do scoláire chuig an nGaelscoil is gaire a bhfuil folúntas inti de bharr go bhfuil cónaí ar an scoláire níos mó ná 4.8 ciliméadar ón scoil; agus cén fáth a bhfuil go leor scoláirí eile sa gceantar ina bhfuil cónaí ar an scoláire seo ag freastal ar an scoil chéanna sna cúinsí céanna; an bhfuil an scoláire i dteideal Dheontas na gCeantar Iargúlta mura bhfuil córas iompair curtha ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19713/16]

View answer

Written answers

Is é is aidhm do Scéim Iompar Bunscoile mo Roinne ná bheith mar thaca le hiompar páistí, a bhfuil cónaí orthu achar fada ón scoil is gaire dóibh, go dtí an scoil agus abhaile ón scoil, agus aird tugtha ar na hacmhainní atá ar fáil.

Faoi théarmaí na scéime seo bíonn páistí intofa ar iompar áit a bhfuil cónaí orthu 3.2 chiliméadar ar a laghad ón scoil náisiúnta is gaire dóibh de réir mar atá cinnte ag an Roinn/Bus Éireann agus go bhfuil siad ag freastal ar an scoil náisiúnta sin, agus aird tugtha ar éiteas agus teanga.

Tá sé curtha in iúl ag Bus Éireann, a reáchtálann an scéim iompar scoile thar ceann mo Roinne, nach bhfuil an páiste i gceist intofa ar iompar scoile mar nach bhfuil sí ag freastal ar an scoil is gaire di.

Áit a bhfuil mo Roinn deimhin de nach bhfuil d'acmhainn ag scoil páistí breise a chur ar an rolla, tá cead ansin intofacht na bpáistí sin maidir le hiompar scoile a bhreithniú trí thagairt don achar idir an áit ina bhfuil siad ina gcónaí agus an chéad scoil eile is gaire dóibh.

Chomh fada is a bhaineann le hiompar scoile a bhreithniú, áfach, tá sé curtha in iúl ag Bus Éireann freisin go bhfuil líon eile Gaelscoileanna ann atá níos gaire d'áit chónaithe an pháiste seo. Íoctar Deontas na gCeantar Iargúlta le páistí atá intofa ar iompar scoile ach nach bhfuil aon tseirbhís ar fáil dóibh.

Top
Share