Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Thursday - 7 July 2016

Thursday, 7 July 2016

Questions (44)

Maurice Quinlivan

Question:

44. D'fhiafraigh Deputy Maurice Quinlivan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sí na sonraí maidir leis an laghdú atá tagtha ar líon na foirne i Roinn na Gaeltachta le deich mbliana anuas. [19876/16]

View answer

Written answers

Tuigtear dom go raibh 68 oifigeach sannta do Rannóg na Gaeltachta nuair a bunaíodh mo Roinn ar an 2 Meitheamh 2011. Is é 53 an líon oifigeach atá sannta do Rannóg na Gaeltachta faoi láthair. Déantar athbhreithniú leanúnach ar an leibhéal foirne i bhfianaise riachtanais ghnó atá ag teacht chun cinn, mar atá le feiceáil i bpróiseas pleanála mo Roinne don fhórsa oibre.

Top
Share