Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 7 July 2016

Thursday, 7 July 2016

Questions (45)

Peadar Tóibín

Question:

45. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta céard iad a cuid tuairimí maidir le héifeachtacht agus straitéis Údarás na Gaeltachta faoi láthair. [19858/16]

View answer

Written answers

Is mian liom a rá go soiléir nach nglacaim in aon chor le líomhaintí a rinneadh le déanaí maidir le staid reatha Údarás na Gaeltachta.

Maidir le cúram fiontraíochta an Údaráis, is cinnte gur éirigh leis an eagraíocht infheistíocht shubstaintiúil a mhealladh chun na Gaeltachta thar na blianta. Tá sé thar a bheith tábhachtach a chinntiú go leanfar leis an iarracht sin chun pobal labhartha na Gaeilge a choinneáil sa Ghaeltacht. Mar shampla, tuigim go raibh leibhéal na bpost a cailleadh in 2015 ar an leibhéal is ísle ar an taifead, rud a léiríonn an obair fhiúntach atá ar siúl ag an Údarás chun bonn seasmhach a choimeád faoin fhostaíocht sa Ghaeltacht.

Is ábhar sásaimh é freisin gur éirigh leis an Údarás 533 post a chruthú anuraidh agus go raibh 215 duine breise fostaithe i gcuideachtaí an Údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2015 i gcomparáid leis an bhliain roimhe sin. Bhí 7,869 post i gcliantchuideachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana. Tá sé mar aidhm ag an Údarás 500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht in 2016.

Maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tá cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 i gcroílár chur i bhfeidhm na Straitéise sa Ghaeltacht. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Údarás maidir le cur i bhfeidhm an phróisis sin go dtí seo. As an bhfiche sé Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta atá aitheanta faoin Acht, tá tús curtha le hullmhú pleananna teanga in ocht gcinn déag díobh agus é i gceist go ndéanfaidh an tÚdarás dul chun cinn suntasach maidir le tús a chur leis an bpróiseas san ocht limistéar pleanála eile idir seo agus deireadh na bliana. Ní miste dom a rá go bhfuil allúntas €400,000 curtha ar fáil agam i mbliana don Údarás chun cabhrú leis na heagraíochtaí atá roghnaithe sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta lena gcuid pleananna teanga a ullmhú; is ionann sin agus ardú 100% thar an allúntas a bhí curtha ar fáil anuraidh, nó in 2014 go deimhin.

Is féidir liom a dheimhniú go leanfaidh mo Roinn féin agus an tÚdarás ag obair as lámha a chéile chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta sa todhchaí.

Top
Share