Tá dhá shonraíocht curaclaim nua beagnach réitithe le haghaidh Gaeilge na Sraithe Sóisearaí. Tá ceann díobh deartha le húsáid i scoileanna atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge, an ceann eile le húsáid i scoileanna atá ag teagasc trí mheán an Bhéarla. Is í seo ar an chéad uair a bheidh sonraíochtaí ar leith tar éis bheith forbartha san oideachas iar-bhunscoile maidir leis na comhthéacsanna sin. Táthar ag ceapadh na sonraíochtaí a thabhairt isteach sna scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017. Ardaíodh an gá le smaoineamh ar shaincheisteanna dhul chun cinn mar théama go rialta le linn na gcomhairliúchán a chuir an CNCM ar bun i dtaca leis na hathruithe i nGaeilge na sraithe sóisearaí. Cuirfidh an CNCM tús le hobair sa bhliain 2017 ar roinnt snáitheanna d'athbhreithniú na sraithe sinsearaí, agus éireoidh conair an leanúnachais idir an tSraith Shóisearach agus an tSraith Shinsearach maidir leis an nGaeilge aníos sa chomhthéacs sin.