Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 October 2016

Tuesday, 11 October 2016

Questions (141)

Thomas Byrne

Question:

141. D'fhiafraigh Deputy Thomas Byrne den Aire Oideachais agus Scileanna an dtabharfaidh sé uasdátú ar an mbeartas páirt-tumoideachais a ndéantar tagairt dó i dTuarascáil Bhliantúil na Roinne, 2015; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29627/16]

View answer

Written answers

Tá 3,262 bunscoil, scoileanna speisialta san áireamh, sa tír. Astu seo is scoileanna Béarla iad 2,847 díobh, is scoileanna lán-Ghaeilge iad 248 díobh agus tá 29 cinn a mhúineann trí Ghaeilge go pointe áirithe.

Ó thaobh na n-iarbhunscoileanna tá 735 scoil san iomlán. Astu seo is scoileanna Béarla iad 665 díobh agus is scoileanna lán-Ghaeilge iad 48 díobh. Tá 13 scoil ann ina múintear na hábhair uile do dhaltaí áirithe trí Ghaeilge agus tá 9 scoil ann ina múintear roinnt ábhar do dhaltaí trí Ghaeilge.

Níl an Roinn sa riocht le céatadán cruinn a thabhairt den am a chuirtear i leataobh le teagasc trí Ghaeilge.

Tá cur chuige nua atá níos príomhshruthaithe, atá difriúil lena bhfuil leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, á ghlacadh ag an Roinn a bhaineann le teagasc teanga agus na scileanna teanga a chur i bhfeidhm inár mbunscoileanna. Go deimhin, tá an CNCM tar éis curaclam teanga nua a ullmhú do na ranganna ó na naíonáin shóisearacha go dtí rang a dó. Tá an Béarla agus an Ghaeilge san áireamh ann. Beidh sé á thabhairt isteach do na daltaí bunscoile seo ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn ar aghaidh. Tá curaclam ullmhaithe do scoileanna Béarla ina bhfuil an Béarla mar an phríomhtheanga teagaisc agus ina bhfuil an Ghaeilge mar an dara teanga. Tá curaclam ann freisin do scoileanna lán-Ghaeilge ina bhfuil an Ghaeilge mar an phríomhtheanga teagaisc agus ina bhfuil an Béarla mar an dara teanga.

Tá ról an tumoideachais á mheas i gcomhthéacs an Pholasaí nua um Oideachas Gaeltachta atá á thabhairt chun críche faoi láthair.

Tá treoir maidir le FCÁT (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha) a úsáid san áireamh sna hábhair a d'fhorbair an CNCM le tacú le cur i bhfeidhm an churaclaim teanga Bunscoile nua do na ranganna ó na naíonáin shóisearacha go dtí rang a dó. Tabharfar é seo isteach chuig bunscoileanna ó mhí Mheán Fómhair 2016 ar aghaidh.

Tá clár cuimsitheach um fhorbairt ghairmiúil leanúnach curtha i bhfeidhm chun tacú le cur i bhfeidhm an churaclaim teanga bunscoile nua. Mar chuid den fhorbairt ghairmiúil seo, tá múinteoirí ag fáil comhairle maidir le húsáid na modheolaíochtaí éagsúla le Gaeilge a theagasc agus le Gaeilge a úsáid mar an modh teagaisc, cé acu an bhfuil siad i scoileanna Béarla nó i scoileanna lán-Ghaeilge.

Top
Share