Níor leanadh ar aghaidh leis an tionscnamh mar a beartaíodh toisc gur forbraíodh an Curaclam Teangacha Bunscoile ina ionad. Bhí sé i gceist ar dtús go n-úsáidfí an tionscnamh chun bonn eolais a chur faoi Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (CLIL) don Churaclam Teangacha Bunscoile. Tá an Curaclam Teangacha Bunscoile do rang na naíonán sóisearach go rang 2 forbartha anois ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). Tá CLIL ar áireamh sa Churaclam sin. Ó mhí Mheán Fómhair i leith, tá an curaclam nua á chur chun feidhme do rang na naíonán sóisearach go rang a dó. Tá dhá leagan den churaclam nua ar fáil, ceann amháin atá dírithe ar Ghaelscoileanna, lena n-áirítear scoileanna Gaeltachta, ina gcleachtar an tumoideachas agus ceann eile atá dírithe ar scoileanna Béarla.
Ina theannta sin, tá clár tiomnaithe um fhorbairt ghairmiúil leanúnach ag gabháil le tabhairt isteach an Churaclaim Theangacha nua faoi láthair. Tacóidh an clár sin le múinteoirí agus le príomhoidí i nGaelscoileanna an curaclam teangacha bunscoile nua a chur chun feidhme. Tacóidh sé lena gcuid comhghleacaithe i mbunscoileanna Béarla freisin.
Tá CNCM ag obair anois ar an gCuraclam Teangacha Bunscoile nua a fhorbairt do rang 3 go rang 6. Beidh dhá leagan den Churaclam sin ar fáil freisin.