Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 October 2016

Tuesday, 11 October 2016

Questions (325)

Peadar Tóibín

Question:

325. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cén uair a fhoilseofar an tuarascáil a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in 2015 ar dhul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29337/16]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 bunchloch pholasaí an Rialtais maidir leis an nGaeilge. Bhí an Straitéis cúig bliana ar an bhfód ag deireadh na bliana seo caite. Sa chomhthéacs sin, eagraíodh díospóireacht oscailte ar pholasaí faoin Straitéis. Ag eascairt as an bpróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh faoin díospóireacht sin, táthar ag súil na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse cúig bliana ó 2016 ar aghaidh a aithint agus a fhoilsiú. Chuige sin, tá an tuarascáil a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoin ábhar á scrúdú ag mo Roinnse faoi láthair. Táim ag súil leis an tuarascáil sin a fhoilsiú go luath.

Top
Share