Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 329 agus 330 le chéile.
Mar is eol don Teachta, is tríd an phróiseas meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinnse agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Déanfar an soláthar airgid ón Státchiste d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge don bhliain 2017 a mheas i gcomhthéacs an phróisis sin agus, mar is eol don Teachta, tá an próiseas sin ar bun i láthair na huaire. Anuas ar phróiseas na Meastachán sa dlínse seo, ar ndóigh, is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn an buiséad d’Fhoras na Gaeilge mar áisíneacht den bhforas trasteorann, An Foras Teanga.
Cé nach miste a admháil gur plean uaillmhianach atá curtha le chéile ag na grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta - atá ag lorg ollmhaoiniú breise de thart ar €5m i 2017 agus €30m thar an tréimhse 2018-2019 - tig leis an Teachta glacadh leis go leanfaidh mé, feadh mo chumais, ag lorg acmhainní breise don earnáil Gaeilge agus Gaeltachta, laistigh den oll-sholáthar airgeadais atá ar fáil don Rialtas.